Ní raibh obair ar bith eile le fáil san am ach scéim na móna, sin nó imeacht go hAlbain. Anonn luath sa tséasúr a théadh siad agus anall arís. Théadh siad anonn arís san Fhómhar. Chaitheadh siad siúl go Doire agus imeacht ar bhád Dhoire. An dóigh a fuair siad obair, bhíodh corrán ag achan duine agus thagadh fear a gcuartú ar maidin le obair dó. Ansin théadh siad leis go dtí a fheirm. Cur síos ar seo.